← Éiríonn le cuid againn iad a cheilt nó iad a chur faoi chois níos fearr ná mar a éiríonn le cuid eile againn. 🔊
← Níl an sampla níos fearr againn de cheannaire nó deachtóir atá santach, grágach, fuilteach, ná Vladimir Putin na Rúise. 🔊
← Cén dochar dó má chailleann sé cúig mhíle saighdiúr anseo agus trí mhíle ansiúd a fhad is a chailleann an taobh eile níos mó ná sin? 🔊
← Tá sé ar nós cluiche aige nuair is cuma cén scór a fhaigheann an fhoireann eile a fhad is a bhíonn an scór aige siúd níos airde ná iad. 🔊
← Níl aon dabht faoi ach go bhfuil baol na cogaíochta níos measa anois ná riamh. 🔊